Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Cloisimis uait
colorized banner
Cloisimis uait faoin Eoraip agus faoina beartais

Bí i do rannpháirtí gníomhach maidir le beartais Eorpacha a mhúnlú agus comhroinn do chuid tuairimí linn. Féach thíos na bealaí ar féidir leat cur leis an smaointeoireacht faoinár mbeartais agus faoi na bealaí a n-oibrímid.

Cuir in iúl dúinn cé na rudaí atá tábhachtach duitse!

I lár an aonaigh: Comhairliúchán poiblí faoi chosaint siorcanna, a bhaineann le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh

Tuilleadh eolais

Is tairseach aonair é Comhairliúcháin Phoiblí agus Aiseolas (ar a dtugtaí ‘Cloisimis Uait!’ roimhe seo) do shaoránaigh agus do pháirtithe leasmhara chun gur féidir leo a dtuairimí a thabhairt maidir le tionscnaimh an Choimisiúin agus cur leis an bpróiseas cinnteoireachta. Tá an Coimisiún tiomanta éisteacht le tuairimí na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara maidir le dlíthe agus beartais an Aontais, nuair a bheidh siad á n-ullmhú agus nuair a chuirfear i bhfeidhm iad araon. An comhairliúchán poiblí maidir le Cosaint leanaí – córais chomhtháthaithe nó an t-aiseolas faoi rialacha an Aontais maidir le cearta íospartach, sin samplaí den rannpháirtíocht sa phróiseas cinnteoireachta.

Trí úsáid a bhaint as an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, is féidir le saoránaigh an Aontais iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh maidir le hábhair atá faoi réim a inniúlachtaí. Ní mór do thionscnamh aon mhilliún síniú bailí ar a laghad a bhailiú. Ó tugadh isteach é in 2012, seoladh breis agus 100 tionscnamh agus thacaigh thart ar 18 milliún saoránach den Aontas le tionscnamh. Bhí tionchar ag tionscnaimh ar éirigh leo ar thograí reachtacha ón gCoimisiún maidir le hábhair amhail rochtain ar uisce óil nó spriocanna éigeantacha a leagan síos chun úsáid lotnaidicídí ceimiceacha a laghdú.

Is spás tiomnaithe é Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach do shaoránaigh chun páirt a ghlacadh i bplé ar an leibhéal Eorpach maidir le tograí tábhachtacha de chuid an Aontais atá ag teacht aníos agus a bhfuil tionchar acu orainn ar fad. Ó thaobh an Choimisiúin Eorpaigh de, bímid ag iarraidh fáil amach faoi thuairimí na saoránach go luath agus tionscnaimh bheartais nua á ndréachtú againn. Déanfaimid measúnú ar na smaointe agus na tograí atá á gcur ar aghaidh agus ar na freagairtí ó shaoránaigh eile, agus déanfaimid an measúnú sin a chur san áireamh agus ceapadh ár dtionscnamh beartais á chur chun cinn againn.